Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “An Gadaí agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Gaduidhe agus an Sagart.
    isteach sa chlós agus caidé chonnaic sé acht roinnt géanna istigh i gcró na gcearc. Chuaidh sé isteach agus chuir ceann aca i mála. Tháinig sé amach agus d’éaluigh sé ar shiubhal gan fhios don tsaoghal.
    Bhí san go maith, is ní rabh go h-olc. I gceann cúpla lá bhuail aithmhéala é agus shaoil sé gur b’fhearra do dhul chun faoisdine. Chuaidh sé go dtí an séipéal agus nuair tháinig an chaoi chuige isteach leis sa bhosca. Cé bhí istigh roimis acht an sagart céadna ar ghoid sé an gé uaidh. Nuair bhí na ghnáth - phaidreacha ráidhte aige, “Bheul”, arsan t-sagairt, “caidé dheinis as an slighe” ghoideas gé arsan ghaduidhe, caithfidh tú a thabhairt thar n-ais don té ar ghoideas í uaidh, nó ní fheadfadh aspolóid a thabhairt duit. Bheirfidh mé duit-se í arsan gaduidhe. Ní dheanfaidh sin gnaithe in aon chor arsan t-sagairt.
    “Bheul”, bhíos a thabhairt thar n-ais don té ar leis í acht ní ghlacfaidh sé uaim í. Is áit an sgéal é sin arsan sagart.
    “Bheul”, arsan gaduidhe is leat-sa an gé “a athair”. “Bheul”, arsan sagart “má’s mar sin atá an sgéal coiméad í”. D’imthigh an gaduidhe tar éis aspolóid d’fhághail, agus níor airigheamar gur ghoid sé gé ná aon rud eile ó shoin i leith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siubhán Ní Luaig
    Inscne
    Baineann