School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain ó shion, bhí an sgéal i mbéal gach duine ag an am sin agus seo an sgéal.
Bhí an mainistear ag an Chluan Da Chorcaigh agus an mainistear ag an Raith comhgarach le Colaiste Brighde ins an Bhaile Conaill faoi an stúcreadh ceadna. Lá amháin san t-samradh 1651, bhí leir daoine agus paiste cruinnighiste san teach Phobail Cionnus go rabh na paistí ag dul a ghabhail faoi lamh an Easbuig an lá sin. Go díreach nuair a bhí an t-easbug ar an áltar agus na sagairt thart fa dtaobh dó, agus na paistí agus na daoine ag amharc orthú, bhris drog saigdiuir Chromhail isteach ortú agus toisigh orthú le na gcuid chlaideamh agus mharbuigh siad níos mó no dhá chéad daoine, agus an t-easbug agus na sagairt uilig. Mhill siad an mainistear annsin agus níor fág siad cloch ar chloich. Fuair corr duine ar siubhail ar an dhrong mhallachtaighe sin le sgeal chuig na bratairibh ins an Chluan Dá Chorcaig agus nuair a cualaidh siad an sgéal d'imthigh siad amach as an mainistear agus chuaidh siad i bhfolach frid an tír.Cha rabh ann acht go rabh siad ar shiubhail nuair a tháinic an drong scriosadair agus rinne siad an cleas ceadna le mainistear Chluain Dá Chorcaigh tráthnóna an lá ceadna a mhill siad an mhainistear ag an Raith. Níl a dhath fágtu de ceathar acu anois acht sean ballaí an teac phobail agus an roilig. Tá crois iontach mór árd fósta na luigh ins an t-sean roiligh ag an Raith, agus sin an sgeal atá(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir