School: Más an Easa (B.) (roll number 14775)
- Location:
- Masiness, Co. Donegal
- Teacher: Prionnseas Mac Carraigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (B.)
- XML Page 155
- XML “Naomh Colm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal eile a d'innis an bhean chéadna
Ins an t-sean-aímsear fad ó shoin bhí Naomh Colmcille ag teacht agus é tuirseach agus ocrach ar fad. Shuidh sé síos ar thaobh an locha - sin é Loch Colmcille.Bhí bean annsin ag déanamh réidh bidh fá choinne na bhfear a bhí ag baint mónadh comhgarach do'n loch. D'iarr sé cuid de'n bhiadh a thabhairt dó. Bhí cuid dé'n íasg amach as an loch aici. B'féidir nach rabh fhios aici gurb é Naomh Colmcille a bhí ag cainnt leithe, acht ar sgor ar bith, diultaigh sí é.Thainig fearg mhór air annsin, agus deirtear gur chuir sé mallacht ar an loch. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu, níl íasg ar bith le feicáil nó le fágail ins an loch.Tá tobar beannuighthe ar bhruach an locha, a léigheas aicideacha. Ar bharr an chnuic bhig in aice leis an tobar tá moll cloch, agus caitheann achán dhuine a théidheas thart cloch eile ar an mholl. Tá sé ráidhte ag na sean-daoine go mbéidh teampall mór déanta ins an áit seo fós.- Collector
- Frank Mc Carry
- Gender
- Male
- Occupation
- Teacher
- Informant
- Mrs Anne Sheils
- Gender
- Female