Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Donegal
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Scálán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhi dlíghte na Géarleanmhna ar bun tá sé i mbéal na ndaoine is sine gur marbhuigheadh an pobal Domhnach amháin nuair a bhi siad ag éisteacht An Aifrionn ag teampall Ráithche i b-paróiste Raíthche Muintire Dhomnaigh. Bhi an sagart ag leigheadh An Aifrionn nuair a thainic saighdiúraí na Sasain ar amharc toighe an phobal. D'eirigh le cuid den phobal imteacht sul a d-tainic na saighdiuraí fhad leó. Cuaidh siad in gach cearn, cuid aca bealach Dhruim na Teineadh. Cuid bealach an Dúin Mhoir agus a lán aca síos go h-Oirthear Dhumhtaigh, an áit nach d-tiocfadh leis na saighdiúraí iad a leanamhaint, agus ar sgor ar bith bhi gléas níos feárr ann le creagachaibh pluaiseannaibh agus umhachaibh iad féin a chur i bhfolach. Niór baisteadh aon ainm úr ar an áit mar gheall ar an ócáid seo. An méid den phobal nár eirigh leó imtheacht, agus a beireadh orra. marbhuigheadh uilig iad, agus as socair go rabh éadach an Aifrionn ar an t-sagart. Ní rabh sé ábalta fághail réidhtighe comh gasta leis an phobal. Bhi na saighdiuraí ag an teampall anois, fuair siad greim ar an t-sagart marbhuigheadh é láithreach bonn agus tá sé curtha, mar deirtear, ar an taobh amuigh den doras: Tá sé curtha treasna ar leic an dorais.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    an tAthair Ua Frigil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 56
    Gairm bheatha
    Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)