School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 301
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.”
(continued from previous page)chuaidh an gasúr amach leis an eallach D'fág sé an t-eallach sa coillidh agus d'imthigh sé go dtí an teach beag agus chuir air cualaith dheas, bróga agus hata. Thug sé amach ceann de na beathaigh agus léim sé uirthí agus ar shiubhal leis go caislean an rí. Nuair a thainig na saighdiuirí isteach suidh an gasúr ag taoibh an inghean agus chuir sé an ropá oír agus d'iarr air na saighdiúirí a cheangal agus rinne an ropá sin. Annsin chuir sé amach an bata oír agus d'iarr air na cluaca a ghearradh do gach saighdiúr. D'imthigh na saighdiúirí siós go dtí an fhairrge airist, ach bhí siad le theacht airist an dara lá.
D'imtigh na daoine uilig na bhaile annsin acht chuaidh an gasúr isteach sa choillidh agus bhain do an culaith agus chuir air a chuid sean(continues on next page)