School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 290
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill ann fad o shoin ar b'ainm do Seán agus bhí sé ina chomhnuidhe le na mháthair. Bhí siad ionntach bocht agus ní rabh mórán acu le h-ithe.”
(continued from previous page)sé amach annsin go bhfeicfeadh sé cé an bealach a deachaidh sé.
Nuair a bhí sé cupla slat amach o'n sgiobal thainig bean fhad leis agus culaith bhán uirthí. Thug sí cleit dhonn dó agus d'iarr sí ar í a chongbhal go curamach. Dubhairt Seán léithe nach rabh maith ar bith ann a cuid cleiteacha do san ach nach rabh siad trom le h-iomchar. Annsin phill se go dtí an sgiobal agus níor mhoithigh sé a dhath go maidin.
Nuair a thainig an mhaidin chuaidh sé isteach un toigh agus d'innis sé gach rud do fhear an toigh agus dubhairt seisean leis nach rabh aon bhuachaill aige ariamh comh maith leis,
Nuair a thainig oidhche an lae sin b'eigeann do Sheán a ghabhail amach a choimhead na mine(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal