School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 159
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ar an Bhealtaine mhóir da dtabhairfeadh siad Mícheal Ó Geidighe air. Thainig sé anuas go maith ar an tsaoghail agus ní raibh aige sa deireadh ach sean bhéach bán.”
(continued from previous page)bhí sé ag an rí ar an phaipair ag cuartughadh fear a coimheadfadh an chaislean ins an oidhche do.
Sin an áit a thainig Mícheal isteach go dtí agus chuir sé ceist ar an rí an dtiocfadh leis obair ar bith a fhagail annseo. Dubhairt an rí go raibh posta mór aige da nglacfadh sé é suidhe ins an oidhche agus an chaislean a coimhead.
Dubhairt Mícheal go nglacfadh sé é, agus d'iarr an rí air theacht isteach ag a dhinnear agus nach raibh fiachadh air gabhail amach go dtí an sé o'chlog, sin an t-am a stadfadh na fir eile ag obair. Nuair a thainig na fir asteach d'iarr an rí ar Mhícheal dhul(continues on next page)- Informant
- Mánus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Mín an Leá, Co. Donegal