School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 335
  3. XML “Oisín i dTír na nÓg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Tá” arsa ‘n buachaill, “bhí sruth ar dhá thaoibh do ghéill a chuirfeadh thart roch muilinn”. “Maith go leór,” arsa Oisín, “acht go beith gur innis tú an fhírinne ní bhéadh an scéal sin le h-innse go bráth arís agat”.
    Ba é an creideamh a bhí ag na Fianna ‘le fírinne agus le treise lámh a thig muid slán as gach gleo’
    Bhí Oisín tamall eile beo ag Naomh Pádraig. Bhí siad tuirseach leis mar bhí sé doiligh chothú’. Lá amháin dubhairt sé le Naomh Pádraig ó tharla go raibh cumhacht aige Ifreann a thaisbean do, go nglacfadh sé leis an bhaisteadh, agus go gcreidfeadh sé ins an Dia fíor. Bhaist Naomh Pádraig é annsin, agus nuair a bhí sé ag urnaighe, chuaidh bárr a bhachaill fríd chois Oisín. Ní leig sé dadaidh air. D’fulaing sé an phian, mar shíl sé gur pairt de’n bhaisteadh é. Nuair a thug an Naomh fa dear go raibh an bhachall fríd chois Oisín, agus nár éiligh sé pian, shil na deora leis. Deirtear gur sin na deora a bhaist Oisín. Gan mhoill ‘na dhiaidh seo fuair Oisín bás.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    1397225
    Informant
    Mháirghead Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal