School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 246
  3. XML “Cleas - Na Muca Beaga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Trop trop goidé seo? An fhairrge bheag agus an fhairrge mhór ag dul fríd a chéile.
    Caidé thug anseo indiú thú? ag iarraidh pigín beag muice. Caidé rinn tú leis an cheann a thug mé duit indé?
    D'fág mé ar an chlár é, d'ith an cat bán é agus thóg an namha leis é gabh anois agus caoin do shaith. Pill, pill agus tabhair leat an ceann is deise do'n chró.
    Suidheann na paistí uilig ar an talamh na líne is tóin a chéile. Teidheann duine amhain amach agus seasuigheann duine eile ar an urlár.
    An té chuaidh amach thig sé isteach [?] deireann an té atá na sheasamh "trop, trop goidé seo?" Bheireann an té tháinig tháinig isteach freágar air agus deireann sé an fhairrge bheag agus an fhairrge mhór ag dul fríd a chéile. Teidheann siad ar aghaidh leis na ceistreacha. Ag rádh leis an té atá na sheasamh "bog leat agus caoin do shaith"
    Imthigheann an páiste agus é ag caoineadh. Annsin pilleann sé agus beireann sé leis duine dena paistí. An duine deireannach bhíos fágtha chaitheas toiseacht ar chleas arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish