Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 45
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)glas-dhoimhin “rud ar bith a tchífeas tú dul fríd an uisge agus gur mhait leat agat é, sgáirt ar dhobharchú ghlas-dhoimhin an dhoman thoir, agus béidh mise agat”.
Ní h-í sin a chómhairle go h-iomlán, acht ins an mheadhan lae indiu tiocfaidh tú ar chladac mara agus gheóbhaidh tú bád tarraingthe ar an chladach; tá a toiseacht leis an áilt agus a deireadh leis an fhairge. Tabhair thart í ar an chladac sáith amach í, agus bhí cinnte abhéith istoig innti no ní bfuighidh tú greim uirthí a choidhche aríst. Ní facaidh tú ariamh aon ártharach is mó bhéas faoi bhealach na í go bhfágaidh sí istoigh i n-oilean thú a bhfuil an Crochaire Tárnoct i na comhnuidhe ann.
Tionntuigh thart agus tarraing suas í ar an fhéar ghlas le heagla go mbéadh graithe agat léithe arís: mur rabh is amhlaidh is measa.
Ins an mheadhan lae thainic sé ar an cladach agus fuair sé an bád mar a dubhairt an dobharchú glas dhoimhin.
Bheir sé greim ar an bád agus thug sé thart í, agus sháith sé amach ar an uisge í, agus bhí sé de léim istoigh inntí. Chuaidh an bád ‘un siubhal agus ní fhachaid aon fheair ar an t-saogal ariamh aon ártharach bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Donegal