School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 41
- XML “An Crochaire Tarnocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a thainic an ceannphort a bhí ar an ghárda isteach, agus dubhairt sé gur éirigh taisme mór do’n rígh, acht go rabh dúil aca go nglachfadh sé leithsgéal a ríogh.
“Och”, arsa Donn Ó Dubhthaigh, “Cha rabh eás ar an rígh liomsa, acht rachaidh mé a amharc air nuair a chuir sé cuireadh orm.
Chuaidh sé suas ar an chóiste, agus nuair a thainic sé anuas de’n chóiste ag teach an ríogh chonnaic gach uile dhuine an bheárnaidh as a ghruaig agus an poll ar bharr a bhútaise.
Bheir ínghéan an ríogh greim air, agus leig sí an dlaoi ghruaige isteach ins an bheárnaidh
“Athair, nach bhfóireann sin?” adeir sí. Bheir sí ar an phíosa éadaigh agus leig ar an pholl a bhí faoi na asgall ar a chasóig.
“Athair, nach bhfóireann sin?” adeir sí. Bheir sí ar a chois dheis agus a’ bhútais uirtí, agus chuir sí a’ chos agus a’ bhútais suas ar a glúin, agus leag sí an píosa leathair ar an pholl.
“Athair, nach bhfóireann sin?” ar sise
“Fóiridh”, ars’an t-athair.
Chuir siad amach fá choinne sagairt méise agus cléireach uisge, agus pósadh a lánamhain. Agus mar go rabh an bhainis thart sul a dtainic Donn Ó Dubhthaigh, is nach bhfuair sé sásamh no(continues on next page)- Collector
- Pádraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Muiris Ó hUiginn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal