School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
Meenmore, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain

Filter stories

Back
/ 62 Forward
Resolution: Low | High
An Mhín Mhór | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 54

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Toibreacha Beannuighte na Rosann.
Tá tobar beannuighthe i [dTearman]? taobh leis an Machaire cúig mhíle siar ó’n Clochán Liath, agus ghnídhthear an turas annsin go fóill. Deir cuid de na sean daoine go bhfuil trí toibreacha beannuighthe san áit sin. Bhí Mainistir ar an Mhachaire ag [?] deirtear go bhfuil seacht n-easbog curtha san áit.
Tá’n Turas deánta ag an tobar seo go díreach mar ghnídhthear é ag tobar Chonaill ar Inniscaoil i bpároiste na n-Gleanntach.
Tá tobar beannuighthe eile ar Oileán Cróna, oileán beag atá indeas don Mhachaire, i bpároiste Teampoll Cróna Uachtarach. Shíolraidh Cróna beag o Conall Gulban Bhí clochar aice i dTearman, agus dé réir seanchas n ndaoine bhí sé féin agus a cuid mna Riaghalta go h-an mhaith do ná bochta. Mhair sí dtráthra aimsire Cuilmcille, agus is uaithe tá an Pharaoiste Ainmighthe. Is é an iad de Iúl lá Fhéile Cróna.
Thá dha tobhar bheannuighthe ar Oileán na Cruite, in aice Ceann Chaslaigh i bparaoiste Teanfoll Cróna Íoctearach, tobar Bhríghte ar cheann aca agus tobair Mhuire ar an ceann eile. Lá Fhéil Muire bíonn turas go tobar Muire.

(continues on next page)
Collector
Eibhlin Ní Chomhghaill
Gender
female
Address
Sheskinarone, Co. Donegal
Informant
Pádraic Ó Breisleáin
Gender
male
Age
58
Address
Cruickaghmore, Co. Donegal
Language
Irish