School: An Mhín Mhór (roll number 16342)

Location:
An Mhín Mhór, Co. Donegal
Teacher:
Pádraic Ó Breisléain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 52

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 52

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhín Mhór
  2. XML Page 52
  3. XML “An Crochaire Tarnocht”
  4. XML “Ag Déanamh Coinnle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d’ollmhaitheas an Chrochaire Thárnocht.
    Chuaidh Donn Ó Dubhthaigh agus ingéan ríogh Ghréag, a bhean, isteach ins an bhád agus d’imthigh an bád, agus shéol sí léithí nach dtearn sí stád mára nó mór chómhnuidhe go dtainic sí isteach faoi chúirt agus chaisleán ríogh Ghréag, ar an tráigh chéadna a rabh na trí soithigh aige a bhí leis na trí fathaigh.
    Chuir sé amach last an bháidh óir agus airgidh agus an uile sheórt oll-mhaithis dá rabh leis. Nuair a chonnaic rí Ghréag ar ais é, agus an tríomhadh gníom deánta leis, le méad a’ lúthghair is a bhí air chuir sé sgéal amach fríd an riogacht uilig a teacht annsin ‘un bainise a mhairfeadh naoi n-oidhche agus naoi lá.
    I ndiaidh mo thriobhlóide ní thug sé damhsa acht bríste brúitín, stócaí bainne reamhair, agus bróga páipéar. Sin dearradh mo sgéal-se.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ag Deánamh coinnle.
    Ní bhíodh lampaí, no gas, no solus aibhleise ann fadó. Bhíodh siad ag baint an craiceann dó’n luchair agus bíodh gair aca annsin. Chuireadh siad na sifiní luachra thart ar imeall an t-soithigh ach ní bheadh an ceird sin ag achan dhuine. Bhíodh siad ag díol ‘na coinnle seo ar fud an tír. Bhéadh athas mhór ar cuid de na daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. candle-making (~728)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal