School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 15
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear a bhí ann fad o shoin. An t-ainm a bhí ar fhear aca Cruit íochtarach, agus Cruit uachtarach a bhí ar an fhear eile. Chuaidh Cruit íochtarach amach ar uair a dó dhéag oidhche Éarraigh a chuartú éadalacha thart fá'n chladach.”
(continued from previous page)an tosaigh go dtí go dtainig sé fhad le binn. Bhí sé n-deas daobhtha san am. Bhí siad ag ceol go h-árd ach ní rabh ins an amhrán ach dhá fhocal “Dia Luain agus Dia Máirt”. Dfoscail doras ar an bhinn. Cuirfeadh fáilte roimhe an cruit iochtarach agus fuair sé cuireadh teacht isteach go Caisleán na binne. Bhí croidhe laidir aige. Níor chuir sé suas leis an chuireadh. Shiubhail sé isteach gan bród gan cotadh. Chuir siad roimhe fáilte in a ainm agus in a slainneadh. Thug siad dó párdóg agus d’iarr air suidhe síos. Nuair a bhí seisean in a shuidhe ar an phardóig, d’éirigh siad uilig na seasamh, agus thoisigh an ceol. Chuir siad céist ar an chruith íoctarach an dtiocfadh leis focal eile a chuir sán amhrán a d’óirfeadh dó agus dheánfadh é níos fhuide. D’éirigh sé in na sheasamh agus dubhairt sé leo go dtiocfadh leis. Chuir sé isteach an focal a rinne é na bfhuide agus a d’fhóir dó “Dia Céadaoine”. D’fóir seo i gceart dó’n amhrán. Chluinfeá iad ins an domhan thoir ag garaidhe lé luthgháir agus lé bród as an focail a chuir an Chruit íoctarach isteach san amhrán. Dubhairt siad leis annsin dhath ar bith a d’iarrfadh sé ortha a dhéanamh dó, go ndeánadh siad é agus fáilte. D’éirigh sé in-a sheasamh agus dubhairt sé leo gur mhaith leis iad an chruit a bhaint dó.(continues on next page)- Collector
- Méadhbha Ni Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Aodh A Gallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal