School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 13
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí Jack agus Máire in a gcomhnuidhe i dteeach beag ar thaobh an róid. Bhí siad íontach bocht sa t-saoghal agus bhí Jack amuigh ag briseadh clocha gach lá.”
(continued from previous page)“Bhfuil chuimne agat ar an lá a chuaidh mise na sgoile”,
“Á”, arsa an Tighearna, “tá sé trí sgor blianta a bhí tusa ar an sgoil”.
D’imthigh sé leis annsin agus bhí an mála airgid ag Jack agus ag Maire agus chaith siad saoghal socar suaimneach in a dhiaidh sin.Scéal
“Bhí fear ar an Ceidhdeach a dtugadh siad Déinighe mór air. Bhí deathrar aige in Alban. Lá amhain bhí a dheathrar ag obair as chuaidh sé fa choinne braoin tae.”
Sgéal.
Bhí fear ar an Ceidhdeadh a dtugadh siad Déinidhe mór air. Bhí deathrar aige in Alban. Lá amhain bhí a dheatrar ag obair as chuaidh sé fa choinne braoin tae. Ag teacht arais dó bhí an t-sluasad a bhí aige ar shiubhal. D’innis duine éiginteacht dó gur ghoid an Sasanach é. Chuaidh an dearthar fád leis an Sasanach agus d’iarr sé an sluasead.
“Níl a’n Éireannach a shiubhail ar dhá chois ariamh abalta an t-sluasaid a bhaint diomsa”, arsa an t-Sasanach. Bhí eagla mhór ar an t-Éireannach annsin ach sgríobh sé ag Deinidhe mór agus d’iarr sé ar Deinidhe a theacht anall agus an t-Sasanach a bhualadh. D’éirigh Deinidhe go moch ar maidín, agus d’iarr sé péire stóca ar a mháthair.
“O’, cá bhfuil tú ag dul mo croidhe,” arsa a mháthair leis.
“Tá mé ag gabhail h-alban lé Sasanach a bhualadh”, arsa Deinidhe.(continues on next page)- Collector
- P. Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal