School: Cruit Island (roll number 16069)
- Location:
- An Chruit, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruit Island
- XML Page 69
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl an meid céadna lucht siubhail ag dhul thart anois agus mar a bhí fado. Bheireadh na daoine fado loistín dobhtha fosta ach ni bheireann siad loistín anois dobhtha. Corr uair ní thigeann na daoine céadna thart. Bíonn cuid mhór tinncéirí thart fosta agus is iad na daoine sin a mbíonn a gcuideachta chéile. Seo ainmneacha na lucht siubhail a thigeas thart Tom Mór, Sean an toigh Ghlais, agus Padraigh Mac Poll. Bíonn Tom Mór ag díol amhrán agus bíonn na daoine eile ag criunniú airgid. Bíonn cuid acu ag díol rudaí. Seo an cinéal rudaí a bhíonn siad ag díol blathanna agus bhíonn cuid mhór cannaí agus soithigh le na tinncéirí.
Ceannuigheann na daoine cuid de na rudaí uatha ma bhíonn siad a dhiogbhail orta. Bíonn bíadh le cuid acu ach na daoine atá iongantach bocht ní bhíonn biadh ar bith leobhta. Bíonn an cuid is mo acú ag siubhal o áit go háit ach bíonn capaill le cuid acu fosta.- Collector
- Nora Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Address
- An Chruit, Co. Donegal
- Informant
- Sorcha Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- An Chruit, Co. Donegal