School: Cruit Island (roll number 16069)

Location:
An Chruit, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruit Island
  2. XML Page 18
  3. XML “Carraic na Spáinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. At thráigh Mullach Dearg tá carraic agus bheirtear "Carraic na Spainne" air . Tá an tráigh seo ar an taobh thuaidh de na Rossa Iochtarach.
    An t-am a scaipeadh an t-Armada, cailleadh cuid mhór de na luing thart ar Éirinn. Tháinig ceann aca isteach annseo agus briseadh í ar an charraic seo. Deirtear go dtáinig cuid den fhuireann i dtír agus gur chomnuidhe siad thart annseo. Deirtear fosta go bhfuil cuid den treabh beo annseo go fóill. Ta teaghlach amháin i Mullach Dubh - Dalaigh an sloinneadh atá ortha agus deirtear gur óna daoine a tháinig i dtír ón bhád sin a shiolruigh siad. Daoine laidir atá ionnta gruag dubh ortha agus iad rud beag dubh sa chroicean fosta.
    Deireadh na sean daoine go rabh cuid mhor ó ar an bhád agus go bhfuil sé na luighe ann go fóill. Ar lá ciúin thiocfadh leat fuirm an bháid a dheánamh amach thíos faoit.
    Bhíodh siad a rádh fosta go rabh a bhean leis an chaiptin ar bórd agus go rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Mullach Dearg, Co. Donegal
    Collector
    Pádraig Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Antoin O Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Béal na Cruite, Co. Donegal