Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 234
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin d'éirigh an rideal agus chuaidh siad amach ar an doras. Fa chionn tamaill thainic siad isteach agus bhí mórán buideal leithe. D'fhág sí thíos ins an tseomra iad agus d'fhág sí an rideal ar an urlár. Thoisigh sí a chainnt agus chuimhnigh sé ar na focla deireannacha a dubhairt sí: "Agus tabhair domh cupla builbhín aráiin."
Annsin d'éirigh an rideal agus d'imthigh siad amach. Thainic siad arais agus bhí cuid mhór builbhín leithe-se. Annsin chroch sí thuas an rideal agus chuaidh sí a luighe.
"Tá seo aistidheach," arsa'n bacach.
D'ar leis fhéin go bhfiachadh sé an rud céadna a dhéanamh a rinne sise. D'éirigh sé, thug leis an rideal agus léim sé isteach air. Ach ní raibh a fhios aige goidé a deirfeadh sé.
D'ar leis fhéin go ndeirfeadh sé: "Agus tabhair domh cupla buideal uisce bheatha."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Crolly, Co. Donegal