Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 233
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Do bhí rí in Albain am amháin agus an t-ainm a bhí air de Brús. Bhí sé ag troid in eadan na Sasanach agus níor eirighe leis ar chor ar bith.”
Sean Scéal
Do bí rí in Albain am amháin agus an t-ainm a bí air de Brús. Bí sé ag troid in eadan na Sasanach agus níor eirighe leis ar cor ar bith. Sa dheireadh bí sé ag teacht comh trom air gur b'éigin do dhul i bfolach ortha áit éigeanteacht agus b'éigen do dul ag shuilbhal a'n a dtír féin. Tháinih sé go áit in Éirinn ar b'ainm do Oileán Reachrán ar an taoibh tuaidh de Éirinn agus chuaidh sé i bfolach ann ain.
Lá amáin bí sé na luige i sgiobol agus chuma iongantach buaidreadh agus craidhte air nuair a smaoimigh ar an doigh a bí ar an muinntir sa baile nó síl sé go riabh siad uilig marbh leis an namhaid. Síl sé leis féin na raibh sé ábalta rud ar bith a dhéanamh agus ba méin leis bás a fhaghail.
Fhad agus bí sé ag smaointuighadh ar seo bí sé ag amharc ar dubhan alla ag dreapadóireacht ar snaithead a bí ag dul o'n maide amháin go dtí an cheann eile i bhfad uaidh. Bí an dubhan alla ag iarraidh a dhul suas ar an maide(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighidh Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Donegal