Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 171
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí gasúr beag ann uair amháin agus bhí sé na chomhnaidhe ag a athair agus a mháthair. Bhí mórán caorach aca agus lá amháin chuaidh an t-athair chun aonaigh le cuid aca a dhíol.”
Bhí gasúr beag ann uair amháin agus bhí sé na chomhnaidhe ag a athair agus a mháthair. Bhí mórán caorach aca agus lá amháin chuaidh an t-athair chun aoniagh le cuid aca a dhíol.
Bhí madadh iongantach críonna aca agus ba ghnáthach leis a bheith ag dul acan áit leis an ghasúr acht thug an t-athair an madadh leis chun aonaigh an lá seo le na caorigh a thiomaint do. no is madadh caorach a bhí ann.
Bhí na ba amuigh ar an chnoc an lá ceadna agus d'iarr an mháthair ar an ghasúr a dhul amach fá na gcoinne. Bhí sé go measadhra mall nuair a bhí sé ar an chnoc. Bhí ceo mór ann agus chuaidh an gasúr ar seachran. Bhí sé ag siubhal leis féin agus ní rabh fíos aige cá rabh sé ag dul. San deireadh d'éirigh sé tuirseach ag siubhal agus shuidh sé síos.
Bhí a mháthair ag fanacht leis agus nuair nach rabh sé ag teacht bhí sgrannradh uirthi agus toisigh sí ag caoineadh. Nuair a tháinig an fear isteach d'innis an bhean do gur chuir sí an gasúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall