Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 289
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí doigh bocht ar na daoine fada o shóin. Ní bíodh biadh no airgead acu le na gceannacht. Ní bíodh acu acht trí beile ins an lá: an breicfeasta, an dinnéar, agus an suipear. Rachfadh na daoine amach gan greim a ithe agus bíodh siad ag obair go cionn cupla uaire. Annsin tiocfadh siad isteach agus faghadh siad brachan agus blathach.
Rachadh siad amach annsin agus oibruighadh siad go dó a chlog. Faghadh siad preataí agus blathach annsin. Nuair a racadh siad amach ní tiocfadh siad isteach go mbéadh sé dorcha. Faghadh siad brachan agus blathach aráis agus rachadh siad a luighe.
Ní raibh tae ar bit ag na daoine fada o shóin acht ceannuigheadh siad ceathradh tae agus dheanamh sin iad go cionn bliadhain. Ní deanadh siad tae ar bith acht ar Dia Domhnach. Biodh cuid acu beo ar fad ar brachan agus blathach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall