School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 341
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Nollag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíonn cleas na sifín agus - cleas na soiteach aca fosta.
Téidheann daoine óga thart ag éisteacht ag na dorsaibh goidé tá gabhail ún tosaigh astuigh. Bíonn bolgam uisge aca in a mbéalaibh agus ma fhosglann duine an doras gheobhaidh siad reall uisge idir an dá shúil. - Oidhche Nodlag bheirtear annseo ar oidhche an 24 [?] “Oidhche Nodlag claoidhtear cogaidh, a Thighearna Mhuighed”. Seachtmhain no coicthigheis roimhe Nodlag thug na Mummers thart ó theach go teach le na gcuid námais. Ní thig thart anois acht garraidhe beaga. Roimhe seo bhíodh buachaillidh móra ar a gcosaibh.
I mbéarla bhíodh na rannta aca. Ní rabh siad uilig cóirighthe ar an dóigh amháin. Bhíod léinte geala agus hatai geala ar chuid aca. Bhí Jack Straw clúd aighthe le cochan ó bhathas go sáil. Bhíódh fidil leo agus dheánfad cuid aca rinnce agus deireadh cuid aca amhrain. Indhiaidh na hoidhche a thigeadh siad, bféidir go mbheadh fíce míle siubhala aca an lá sin. Bhíodh bocsa leo agus bhíodh siad ag súil le airgead indhiaidh a gcuid aithrise deánta aca.
Seo an rud a deireadh an chéad duine aca a thiocfadh asteach.(continues on next page)- Collector
- Eighneachan Ua Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir