Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 291
- XML “Caiseal Chairn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caiseal Chairn
Sé Caiseal Chairn an chéad bhaile a thiocfas tú annsair agus tú ar do bhealach ó Bhaile 'n Droichid chun na Carraice. Ar mhalaidh cnoic tá'n baile seo fosta sínte agus ins an tsean am támé déanadh go rabh an baile uilig 'na chaiseal. Sul a rannadh an talamh bhí na toighthe uilig déanta suas ar an chomhthromóg ar bharr an chnuic acht anois tá siad caithte thal agus i bfos. Dhá teaglach déag atá na gcomhnuidhe ar an bhaile anois. Is cuimhneach liom féin fiche ceann a bheith ann.
Ar chúl an bhaile seo tá log ar an dtugtar Log na gCnámh air agus deirtear gur ins an áit seo a thuit an chuid ba truime de arm Dhomhnaill nuair a chuireadh raon madhma air indhiaidh Cath an Doire Leathain an t am a shaoil sé seilbh d'fhághail ar an ríoghacht nuair a bhí Aodh Ruadh i bpríosún.
Daoine neamh-mbuaidheartha a bhíodh na gcomhnuidhe ar an bhaile seo roimhe seo agus leoga ta moran aca ar an chaoi cheadna indiu. Tá fear amháin ann agus seal bliadhanta ó shoin ghlac sé nósíon in a cheann go rabh crap óir i bhfolach faoi charraic mhór atá ar taoibh shoir de'n bhaile. Le sa shásadh lá amháin d'imthig scaifte de buachailli an bhaile suas leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)