Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin agus ar maidin lá thar na bhara[ch] d'imthigh sé arais. Nuair a bhí sé ag gabháil fríd an choill cheadna casadh a[n] fear air arais. Dfiafruigh sé dó cá r[abh] sé ag gabháil, agus dubhairt Ruadhraí go gcaitheadh sé an caisleán a dheánamh indiu dó'n fear uasal. Nuair a bh[í] an caisleán deánta tháinig Róise a d'amharc air, agus dubhairt an fear uasal léithe an raibh locht ar bith air anois, "Níl", arsa Róise, "acht an locht amh[áin."] "Agus caidé'n locht sin" arsa'n fear uasal. "Tá" arsa Róise, "da mbéadh {Play Sham} anois". Agus cé chuireas an {Play Sham} a[ir] dúinn", arsa'n fear uasal. "Tá", arsa Róise "Sé Ruadhraí sagainne a chuireann an {Play Sham} air dúinne". Chuaidh Róise abhaile an oidhche sin agus d'inni[s] sí do Ruadhraí go raibh gnoithe ag an fhear uasal leis. D'imtigh Ruadhraí a[gus] nuair a bhí sé ag gabháil fríd an cho[ill] cheúdna casadh an fear air arais, ag[us](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Breislín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal