School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 199
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mic aige. Bhí duine amháin acú amaideach, iomlatach, ach bhí an bheirt eile iongantar críonna.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mic aige. Bhí duine amháin acú amaideach, iomlatadh, ach bhí an beirt eile iongantar críonna.
Lá amháin chuir an t-athair an duine amaideach un an aonaigh le dhá thrucall choirce. Ní rabh sé i bfad ins an bhaile mhór gur díol sé an choirc. Bhí sé ag teacht aníos an t-sraid agus chonnaic sé greasaidhe ag obair agus bhí paca cardaí ar an tabla aige. D’fhiafruigh an gasúr do’n greasaidhe an n-imreochadh sé cluiche agus dubhairt sé go ndéanfadh. Bhain an greasaidhe agus b’éigin do’n gasúr an t-airgead a fuair sé ar san na coirce a thabhairt do. Ní rabh fhios aige annsin caidé dhéanfadh sé. Chuaidh sé amach, agus dhíol sé na caiple agus na trucaill. Chuir sé an t-airgead ‘na phoca, agus tháinig sé aníos an tsráid arais, agus d’imir sé cluiche eile leis an ghreasaidhe, agus bhain an greasaidhe gach piginn da rabh aige.
“O”, arsán gasúr “tabhair arais sin damh”, ní thiocfadh liom a ghábhail abhaile chuig m’athair gan airgead ar bith liom”. Ach ní thabhairfeadh an greasaidhe do é. Chuaidh an gasúr amach, agus cé casadh air ach saighduír dhearg, agus chuaidh sé isteach ins an arm leis, agus ar shiubhail leis. Ní rabh sé i bhfad ar shiubhail go bhfuair sé fiche punta. Tháinig sé abhaile agus thoisigh sé ag imirt cardaí leis an greasaidhe agus bhain an greasaidhe arís. D’imthigh an gasúr leis(continues on next page)- Collector
- Máire T. Nic Cuinneagain
- Gender
- Female
- Address
- Largy, Co. Donegal
- Informant
- Micheál O Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Kill, Co. Donegal