School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 198
- XML “An Claíomh Solais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus cliabhán ag na taoibh agus leanbh ann.
Fuair an Ghaduidhe greim ar an claidheamh soluis a bhí crochta ar an bhalla ach thuit sí as a láimh. Mhusgail an bhean agus nuair a chonnaic sí an gáduidhe chuir sí a láimh ar chlog draoidheachta a bhí ar an tábla agus ar an bhommaite bhí an t-seomra lán daoine. Ní thiocfadh leobhtha an gaduidhe a fhágail, nó bhí sé ar shiubhail
Chuaidh an ghaduidhe fhad leis an Dreapaidhe agus chuaidh sé ar a dhruim, agus chuaidh siad fhad leis an áit in a rabh na daoine eile ag fanacht. Dubhairt Fios mhac Fios go dtiocfadh bád na ndiaidh agus mbéadh fathach in[?]tí, agus dá dtiocfadh le (ga) Urraidh mhac an Urraidh é amharbhadh agus chaitheamh amach sa’n fhairrge go bhfuagheadh siad abhaile slán.
Tháinig an bád na ndiaidh agus mharbh Urraidh mhac an Urraidh an fathach agus chaith sé sa’n fhairrge é. Nuair a bhain an gasúr agus na daoine beaga Éire amach chuaidh an gasúr fhad leis na fhear leis an claidheamh soluis agus fuair sé na seacht míle punta agus bhí sé uilig aige do fhéin, nó ní ghlacadh na daoine beaga rud ar bith uaidh.- Collector
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70