School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 197

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 197
  3. XML “An Claíomh Solais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fear bá laidre sa’n domhain. (Rachc) Dubhairt an ceathramh fear go rachadh seisean leis. Annsin d’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Fios mhac Fios a b’ainm do agus go bhfuil fios aige air gach rud a tharlochas sa domhain. Dubhairt an cuigeadh fear go racadh sé leis. D’fhiafruigh an gasúr do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Gaduidhe mhac a Ghaduidhe an t-ainm a bhí air, agus go dtiocfadh leis an ubh atá faoi an chórr mhónadh a ghuid. Dubhairt an fear deireannach go rachadh seisean leis. Annsin d’fhiafruigh an gasúr do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Sleis mhac Sleis an t-ainm a bhí air, agus go dtiocadh leis bad a sheóladh go ceithre cearn an domhain.
    Chaith Sleis mhac Sleis ceithre sleis bheaga ar an Fhairrge agus rinne sé long breagh. Chuaidh siad uilig ar bórd, agus níor stad siad go rabh siad sa Fhrainnc. Annsin d’iarr Fios mhac Fios ar Ghaduidhe mhac a Ghaduidhe agus Dreapaidhe mhac a Dreapaighe ghábhail suas go dtí an chaisleán.
    Chuiadh an bheirt aca suas agus nuair a bhí siad shuas ag an áit chuir Dreapaidhe mhac a Dreapaidhe Gaduidhe mhac a Ghaduidhe ar a dhruim agus chuaidh siad suas go dtí an triomhadh urlár. Annsin chuaidh Gaduidhe mhac a Ghaduidhe isteach ar an Fhuinneóg agus chuaidh síos na staighre. Nuair a bhí sé thíos ag an chead urlár cuaidh sé isteach i seomra agus bhí sean bhean ina codladh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70