School: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (roll number 12535)

Location:
Waterford, Co. Waterford
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar San Eoin Dé, Portláirge
  2. XML Page 129
  3. XML “Currach Mór”
  4. XML “Scéalta atá i mBéalaibh na nDaoine faoin Chaoi a Ligeadh Ireton isteach sa Chathair”
  5. XML “Scéal eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear nár ghabh Cromail an caisleán seo - a bhuidheachas san do chlisteacht mná oíge an tíghe. Chuir sí a h-athair go raibh tonn maith dá aoise caithte aige, isteach in ndún agus chuir sí fé ghlas é. Nuair tháinig Cromail agus a chuid saighdiúirí chuir sí na mílte fáilte rómpa agus thug suas dóibh eocracha an chaisleaín mar comhartha caradais. Deirtear nár dhein Cromail acht buidheachas a ghabháil leí agus imtheacht leis fhéin gan an cur isteach ba lugha do dhéanamh ar an áit.
    Deirtear gur sábháileadh Dún Garbhán tré chlisteacht agus gliocas mná eile. D'ól Mishéis(?) Nagle slaínte Chromail mar comhartha caradais. Thaithn sé sin chomh mór leis gur bhailigh sé leís féin as an mbaile gan aon díoghbhaíl a dhéanamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Deirtear gur cuireach d'fhiachaibh ar roinnt feormeoirí agus sclábhuidhe ar an dtaobh amuigh de'n chathair, ar rinn an chlaidhimh teacht go geataí na cathrach agus a rádh as Ghaoluinn gurbh saghduírí Uí Néill iad a chuaidh amach ag cuardach i dtreo is gur oscluigheadh na geataí agus do bhí dul isteach ag na Sasanaigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Cromwell (~315)
    Language
    Irish
  3. Scéal eile

    Dubhradh le beirt shaighdiuirí Chromail darbh ainm dóibh Croker, roinnt barraí ar an dtaobh theas de'n chathair do chur tré theine i dtreó is go mbéarfadh an ghaoth an deatach chun na cathrach agus go gcuirfí sgeon agus sgannradh ar muinntir na cathrach.

    Dubhradh le beirt shaighdiuirí Chromail darbh ainm dóibh Croker, roinnt barraí ar an dtaobh theas de'n chathair do chur tré theine i dtreó is go mbéarfadh an ghaoth an deatach chun na cathrach agus go gcuirfí sgeon agus sgannradh ar muinntir na cathrach. D'éirig go buadhach leis an seift. Gabh uamhan agus sgeon na daoine. Cheapadar go raibh poll déanta ins na fallaí ag na saighdiuirí agus ritheadar amach as an gcathair le na n-anam. Thaínig na Crokers isteach thar na fallaí agus d'oscluigheadar geataí na cathrach dos na saighdiúirí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.