Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)

Suíomh:
Port Láirge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Eoghan Rua agus Cathair Phort Láirge”
  4. XML “Bronntanas ó Phort Láirge”
  5. XML “Rinuccini, Toscaire an Phápa - An Bhaint a Bhí aige le Cathair Phórt Láirge de réir an Bhéaloideasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tionóladh Cruinniú Pairl. n Comhdála i bPortláirge. Tháinig Eoghan Ruadh chuige agus cabhair fear agus arm lón i gcóir arm Uladh d'iarradh. Socruigheadh an chabhair a thabhairt do'n arm acht stiúiruí an airm sin a bhaint d'Eoghan Ruadh agus tugadh do Tighearna Castlehaven é.Deirtear gur bheag nár bhris an socrú seo croidhe Uí Néill acht do sheas sé go maith an tarcuisne a thug lucht leanamhna Urmhumhan dó agus ghéill sé go h-umhal omósach go Castlehaven. Chuir muinntir Phortl. feara an fáilte roimh Eoghan Ruadh agus a gharmhac Aodh Dubh. Agus an bheirt acu ag marcuigheacht trid an gcathair chuir na daoine luígha fáilte agus lúthghára agus beannacht san aer agus ghealladar bheith dílas dó agus do chúis na nGaeldheal. Thug an dílseacht sin an-thógáil croidhe d'Eoghan Ruadh rar éis an masla a tugadh dó i Halla an Chomhairle agus chinn sé leanamhaint leis an troid ar son na h-Eireann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Eoghan Rua Ó Néill (~14)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Sa bhln. 1646 tar éis buadh na Beinne Buirbe tháinig teachtaire ó Phortláirge go Eoghan Ruadh agus bhí aige airgead a bhailig an t-Athair lúcás Uaidín ó Phortláirge agus gcathracha na h-Iodáile agus fós tabhartas luachmhar pearsanta ó Lúcás féin d'Eoghan féin féin- claidheamh a núcail. Aodh O'Néill fein. a chuir lúcás chuige o'n Roimh mar a raibh corp an mhór thaoisigh ag rabhairt an fhéir.
    Ba i bPortlaírge a ceapadh an caoineadh áluinn sin fé bhás Uí Néill "Llament for Eoghan Roe O'Neill".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Portláirgeach darbh ainm dó Lúcás Uaidín ba chúis le na theacht 1646 go h-Eirinn. Tháinig sé go Portl. mar ar cuireadh na mílte fáilte roimhe. Pádruig Comartún an t-easbog a bhí ar Phortl. dOrd U. Abhuistín agus gaol gairid do Lúcás Uaidín, an chéad easbog tar éis 50 bl. géarleanamhainte. D'fhan sé ar ósdas ag tigh Tomás Uaidín , driothár do'n Athair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.