Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (uimhir rolla 12535)

Suíomh:
Port Láirge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar San Eoin Dé, Portláirge
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “An Deachmhadh”
  4. XML “Béaloideas a Bhaineann le Cathair Phort Láirge”
  5. XML “Caisleán Mheannán Fhéilinn”
  6. XML “Cromail agus Port Láirge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nior mhór an 1/10 de gach barr d'fhágaint sa ghort do'n Mhinistéir. Munar deineadh san marbhóchfaí na beithidhigh i rith na h-oidhche. Nuair deineadh socrú ar cheist na nDeachmhaidhthe bhailigh an sluagh i mór-shiubhal sochradie - comhra á iomchur acu 'na raibh an Deachmhadh - mar dheadh, agus árd áthas ar an sluagh á chur.

    (Á cleachtadh i nGráinsig in aice na h-Áirde Móire Co. Phortláirge)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Cromail (~315)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    3. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Deirtear gurbh í Caesara do chuir an chéad chloch innti agus gur ingean dearbhráthar nó ingean deirbhseáthar do Nóa í an Caesara seo. Deir daoine eile gurbh amhlaidh gur eírig an chathair aníos as an dtalamh fé aimsir Cogadh Trae. Loch Dá Caoch ainm amháin uirri agus Cuan na Gréine abhí mar ainm uirthi nuair a bhí na draoithe fé réim.
    Do bhí cathair ag na Menapii, treabh a tháinig o'n Beilg anoir, i ndeiscirt na h-Éireann agus tá sé ráidhte gurbh í sin an chathair seo 'gainne acht níl aon deimhneacht air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Caisleán Meanán Fheílinn (Faithlegg)
    Duine uasal Caitliceach darbh ainm dó Aylward a bhí i seilbh an chaisleaín. Chuir Cromail saighdiuirí chuige chun cur in iúl dó ná cuirfí isteach air dá n-iompuigheadh sé 'na Phrotastúnach. Ní gheíllfeadh Aylward. Annsan do leagadh a chaisleán, díbrígheadh Ayl. agus tugadh a chuid tailte do Captaon Bólton. Bhí síol an duine sin i seilbh na h-aíte ar feadh 200 bln. 'na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. Deir na seandaoine gur thánig Cromail isteach ag Ráth Pháidín (Rathfadden) ar an dtaobh thiar theas de'n chathair. Tá sgéalta fós i mbéalaibh an phobail gur fiú amháin fós go mbionn taidhbhsí Chromail agus a chuid saighdiúirí le feiscint timcheall Ráth Pháidín oidhche áirighthe i Mí na Nodlag gach bln.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.