School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Page 35
- XML “Na Bailte Fearainn atá sa Seanphobal - Rann Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Anocht oidhche Shamhna bongo longo. Ag cur sop ins na fuinneóga agus ag dúnadh na ndóirse. irigh is shuidhe a bean a' tighr.
Teighir suas go fearamhail, tar anuas go flaithamhail. Tabhair leat cul ne bullóige ar leach na liche ambeadh faid léim ghirrfiaidh innte agus gearradh scine ar airde.
Ba mhaith liomsa deoch bainne bog milis gan cáinín gan ribe a mbeadh uachtarna mullá i leamhneacht na cíosa.
Ní hé an bainne ó indiú ná an bainne ó indé ba mhaith liomsa a iní neo., nach lemhnacht bog milis gan cainín gan ribe ambeadh uachtar na muilla i leamhnacht na cíosa agus ba dóigh leat go dtáchtfadh sé mise ach mo creuch geur fada narbh baol dom. Ní mise Piaras ó Priosa ná Diarmuid Ó Duibhne ná Diarmuid Ó Dunaighe ná raibh riamh 'na cónaí ach ag obair i gcónaí nach garsúinín bocht gan garraidhe gan gort a cailleadh a athair lá cruaidh Barraigh agus bódadh a mháthair i gcnoc mór sneachta. "Bó bó bu, Sín amach do chabhair a bhean a'tighe agus gura seacht bfearr a bheidh tú ar theacht na Samhna arís.- Informant
- Micheál Turraoin
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Churraoin Theas, Co. Waterford