School: Baile Mhic Airt, An Rinn

Location:
Ballymacart, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 55

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 55

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Page 55
  3. XML “An tSeanriabhach nó Laethanta na Bó Riabhaiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Sean Riabhach nó Laetheanta na Bó Riabhaiche

    Fado is ar an t-aonadh lá deug de Aibreán a bhíodh deire le Mí na Márta. An Sean Mharta a thugadh air. Thug an Sean bó trí léim le h-áthas nuair a bhí Márta thart mar shíl sí go raibh deireadh leis an aimsir dona. D'iarr Márta trí lá ar Áibreán is thug Áibreán dhá lá deug dí. Bhí na trí lá an-chruadh is mharbhuigh an sean bhó. Tugtar an Sean Riabhach ar na laetha ó shoin i leith.

    Tugtar an Sean Riabhach ar an ceud trí lá tosaigh de mí Aibreáin. Is gnáthach leis an aimsear a bheith go dona le linn na laethe úd.
    Déirtear go raibh sean bhó ann fadó agus tháinigh an Mhárta an-chruaidh agus fluich ar fad uirthí. Thosnuigh sí féin agus Márta ag cur i gcoinnibh a chéile ach dá olcas é Márta ní bhfuigheadh sé deire do cur leis an sean-bhó. Fé dheire bhí deire le Márta agus bhí an seam bhó ag maireachtar i gcomhnuidhe. Bhí fearg ar Mhárta annsan nuair a bhí buaidhte ag am t-sean bhó air. D'iarr sé iasacht de trí lá ar an Áibreán annsan agus thug Áibreán dó iad.
    Tháinigh na trí laethe san agus níor tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. the Days of the Brindled Cow (~51)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Faoláin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford