School: Béal Dearg (roll number 11582)
- Location:
- Béal Deirg Mór, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mac Conghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Dearg
- XML Page 244
- XML “Scéal fá Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)taidhbse aníos ar an gcairt anois agus thosuigh sé ag tarraingt an ádhmaid leis. Nuair a chonnaic an fear é seo rug seisean ar an gcrann freisin agus bhí an beirt aca ag tarraingt ó'n a chéile gur chuala siad an coileach ag glaodhach, agus go díreach nuair a bhí sé a dó dhéag a clog leig an taidhbse an crann leis an bhfear. Nuair a tháinig an fear abhaile bhí breacadh lae ann. D'innis sé an scéal do na daoine acht is amhlaidh a thosuigh siad ag magadh faoi.
Nuair a chuaidh an fear a codladh an oidhche sin níor codail sé cor ar bith mar bhí daoine ag teacht agus ag damsadh air agus caiple ag dul thart ar an teach agus bhí cuma an bháis ar an bhfear mbocht.
Chuaidh sé go dtí an sagart lá ar na bhárach agus d'innis sé a sgéal dó. Dubhairt an sagart leis an crann a chur ar ais san áit a bhfuair sé é agus rinne sé an rud céadhna agus ní fhaca sé taidhbse ó'n lá sin go dtí an lá indiu.- Informant
- Mícheál Mac Gearbuigh
- Gender
- Male
- Address
- Gaobhrán, Co. Mayo