Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)

Suíomh:
Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mac Conghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Dearg
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Scéal fá Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    taidhbse aníos ar an gcairt anois agus thosuigh sé ag tarraingt an ádhmaid leis. Nuair a chonnaic an fear é seo rug seisean ar an gcrann freisin agus bhí an beirt aca ag tarraingt ó'n a chéile gur chuala siad an coileach ag glaodhach, agus go díreach nuair a bhí sé a dó dhéag a clog leig an taidhbse an crann leis an bhfear. Nuair a tháinig an fear abhaile bhí breacadh lae ann. D'innis sé an scéal do na daoine acht is amhlaidh a thosuigh siad ag magadh faoi.
    Nuair a chuaidh an fear a codladh an oidhche sin níor codail sé cor ar bith mar bhí daoine ag teacht agus ag damsadh air agus caiple ag dul thart ar an teach agus bhí cuma an bháis ar an bhfear mbocht.
    Chuaidh sé go dtí an sagart lá ar na bhárach agus d'innis sé a sgéal dó. Dubhairt an sagart leis an crann a chur ar ais san áit a bhfuair sé é agus rinne sé an rud céadhna agus ní fhaca sé taidhbse ó'n lá sin go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Gearbuigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gaobhrán, Co. Mhaigh Eo