Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 440
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Capaillín stadáilte bobáilte donn dá shiúbhaladh sé Éire ní fhliuchadh sé a bhonn. Fr. Beach.
Ní fuil ní feóil agus ní cnámh é agus is as fuil feóil agus cnámh a d'fhás sé. Fr. Cleite
Céard a chaitheas tú dheanamh sul a dtiocaidh tú anuas staighne?
Fr. Dul suas i dtosach.
Sé biadh chuile dhuine é agus ní íosann duine ar bith é. Fr. Bainne
Céard iad na trí rudaí is nimhníghe?
Fr. súil, glúin agus uille.
Céard iad na trí rudaí is geire? Fr. Gob seabhaic focal ó iarachán agus dealg fóthanán.
Céard iad na trí rudaí is geire radhairc? Fr. Súil, chirce ar phunann súil bric i líon agus suil mná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo