School: Glenamoy (roll number 13882)
- Location:
- Gleann na Muaidhe, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Beoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glenamoy
- XML Page 372
- XML “Scéal Iorrais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tseanaimsir bhiodh na sagairt ag dul thart ag tógáil a dtuarastal. Nuair a thiocfadh sé mall orthu d'fhanfadh siad ins na tighthe go maidin.
Oidhche amháin chuaidh sagart isteach i dteach agus d'iarr sé lóistín ar bhean a tigh agus dubhairt sí go dtiubharfadh agus fáilte ach go molc lei an áit a bhí aici dho agus go raibh bron uirri nuair nár'bhféidir lei déanamh go maith dho. 'Sé an freagra a thug sé dhi "An rud atá sáith maith dhuit, tá sé ró-mhaith dhomsa."
Reidhtigh sí a shuipear dho chomh maith is bhí aici agus shuidh an sagart isteach chuige. bheannaigh sé é féin agus bhí pleidhce de ghasúr sa teach agus thosuigh sé ag gáiridhe nuair a chonnaic sé an sagart dhá bheannughadh féin. D'fhiafruig an sagart dhe an fáth go raibh sé ag gáiridhe agus níor thug an gasúr freagra dho. Thainig an mhathair i lathair agus dubhairt "A athair, ná bac leis an buachaill sin, níl ciall aige, níor fhág sé an teach(continues on next page)- Collector
- Caomhin Ó Beoláin
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Ghoile Thuaidh, Co. Mayo
- Informant
- Brighid Ní Dochthuirde
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Ghoile Thuaidh, Co. Mayo