School: Glenamoy (roll number 13882)

Location:
Gleann na Muaidhe, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Beoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 370

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 370

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Glenamoy
  2. XML Page 370
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá iomdha sórt bó ins an áit seo, agus glaodhtár ainmeacha de gach cineál orthu. Gladhtár, bó glas, bó drimím, scadóg agus iarballín glas.

    Tá iomdha sórt bó ins an áit seo. Agus glaodhtar ainmeacha de gach cinéal orthu. Glaodhtár, bó glas, bó drimín, scadóg agus iarballín glas. Ins an áit a mbíonn síad ceangailte glaodtar sgioból air. Ceangailtear iad le sleabrad. Bíonn an sleabhrad ceangailte de staige le saideadh sa talamh.
    Is iomhda sort tinnis a bhíonns ar bhó. Bíonn bualadh saighead uirthí. An leigheas atá ar an tinneas sin, pighinn, sgilling, leath chronoin leat-phiginn, agus sé piginne a cur isteach i gcruasga agus uisge té a doirteadh anuas air, agus deoch a thabhairt di. Bíonn tinneas gaibhne ar bhó.
    Nuair a bhíonn duine ag tiomaint na bó deireann sé Duirs no Hidh. Maidir le capall ní thagann morán tinnis air acht peiste. Bíonn sé ag tuitim síos ar an talamh agus ag ruasgad anonn agus anall.
    Chun an capall a dheanamh níos fearr teigeann fear ar dhruim an chapaill agus sé leis ag rith ar fead míle.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Gearraidh
    Gender
    Male
    Address
    Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mayo
    Informant
    S. Mac Gearraidh
    Gender
    Male
    Address
    Gleann na Muaidhe, Co. Mayo