Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 421
- XML “Bréag Éireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bréag ÉireannBhí fear ann fadó shoin agus fadó bhí, agus á mbeinn-se an uair sin ann ní bheinn ann anois, agus ní raibh mé ariamh gan sgéal geárr ná sean sgéala agus ní dóiche de sin ná bheith gan aon sgéala.
Rí a bhí ann fadó shoin agus ní raibh aige ach aon iníon amháin, agus ní raibh aon fhear le í sin a fhághail ach an fear a chumpadh an bhréag go gcaithfeadh a rí éach [éitheach] a thabhairt do. Bhí duine áirthid ins an áit -- mac baintrí -- agus dubhairt sé len a mháthair --
"Gabhfai' mé agus cumfai mé an bhréag go'n rí agus bainfi mé an iníon de."
"Fan sa mbhaile -- ar sise -- a dhuine chóir. An margú a dhéanfas sé leatsa, mur gcumfai tú an bhréag caillfi' tú an ceann."
"Bheul," ar seisean -- "Ní stopfai mé ná ní mhór chónói mé go bhfeicfi mé a rí."
D' imthig sé leis agus an áit a bhfáighid sé lóisdín oidhche ann, chodluíd sé ann agus an áit nách bhfáighid chodluíd sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo