School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 115
  3. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seo ach go hannamh mar ba mhaith leis na seandaoine cuid mhaith uibheacha a bheith sa gciseán gach seachtain le haghaidh an tsiopa.
    Is beag arán geal a bhíodh le fáil sa gceantar seo tá caoga bliain ó shin ann, ach bhí saghas eile acu, mar atá, arán mine coirce, arán cruithneachta, arán seagail agus ‘bocstaí’, a dhéantaí le fataí. Tá daoine ann fós a dhéanann pancóga fataí agus bocstaí, ach admhaím féin nach ró-oiriúnach an bia é d’éinne nach mbeadh goile láidir aige. Is é arán mine coirce is mó a chaithidís. Ní mórán feola a chaithidís, agus bágún a chaithidís uair ar bith a mbíodh feoil acu. Thógaidís muca, ceart go leor, ach is fíor-chorrdhuine a mb’acmhainn dó muc a mharú chun feola mar a dhéantar anois. Nuair a bhíodh an mhuc mór agus ramhar agus beathaithe thugtaí ar an aonach í le hairgead an chíosa a fháil. Is minic a thugtaí mar leasainm ar an muc ‘an fear uasal a íocas an cíos’. Bhí seandaoine ann a thug an ceithre scór bliain agus leathscór eile leo isteach san uaigh gan mairteoil nó caoireoil a bhlaiseadh riamh. An bágún a ití sa tír seo fadó is ó Mheiriceá a thagadh an chuid is mó de, agus ní bréag a rá gur bheag an chaill do mhuintir na tíre nuair a cuireadh cosc lena theacht isteach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish