Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)

Suíomh:
Caurans Lower, Co. Mayo
Múinteoir:
Bean Uí Fhaoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caurane (C.)
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Scéal Eile a Fuarthas i dtaobh Pota Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal eile a Fuaradh i dTaoibh Phota Óir.
    Bhí bean i Muicneach fadó - baile beag atá dhá mhíle ó'n sgoil seo. Bhí brionglóid aici trí oidhcheannta in diaidh a céile faoi phota óir.
    Tháinig feairín beag cuichi agus dubhairt sé léi go raibh pota óir fá chrann i bpáirc mhóir darb ainm Ring [?] Mór.
    Dubhairt sé léi freisin dhá chapall a thabhairt léi agus rud beó a thabhairt léi freisin, agus é a caitheadh isteach i bpoll an phota óir.
    D'innis an feairín di annsin go mbeadh rud eicinnt ag tabhairt aire do'n phota agus muna a gcaitfeadh sí rud beo isteach dó go n-iosfadh sé í. Dubhairt sé léi annsin nuair a bheadh an rud sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic hAodha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Muckanagh, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Antoine Ó hAodha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Muckanagh, Co. Mayo