School: Doire (roll number 16852)

Location:
An Doire, Co. Mayo
Teacher:
Séamus Ó Cathain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 6

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire
  2. XML Page 6
  3. XML “Dán - Nóirín Mo Mhian”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is fada mé uaigneach ag tóruigheacht bean tighe,
    A tuairisg ní bhfuair mé ariamh in mo shaoghal,
    Go bhfaca mé an stáid bhean ar thaobh chnuic in-a suidheamh
    Is a folt in' naoi nduallaí da sguabadh le gaoith.
    I gCaisleán a' Bharraigh seadh chodail mé aréir,
    Bhí mo mian agam 's níorbh 'fhada liom é.
    Ag cur mo lámh thairm go bpógfainn a béal,
    Fuair mé an áit follamh 'gus an leaba fúm féin.
    Ní dhéanfaidh mé imirt, ní dhéanfaidh mé ól,
    Ní dhéanfaidh mé nídh ar bith acht gach nídh mar is cóir.
    Go sínfear sa gcill mé, go dtéighidh úr ós mo chionn
    Le mnaoi eile indiaidh mo stóirín ní leigfidh mé mo rún.
    Rachaidh mé 'un Choill Chraofa ag baint sméar le ceo,
    Ag baint ubhall de bharra géagáin is ag seoladh an dhá bhó
    Da gcastaoi liom mo chéad shearc dá béilín bhainfainn póg.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Chathasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ceapaigh na Creiche, Co. Mayo