School: Doire (roll number 16852)
- Location:
- An Doire, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Cathain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire
- XML Page 3
- XML “Dán - Ar an gCoill Mhór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an gcoill mhór atá mo chomhnuidhe,
'Gus átaim faoi dhólás anois le blian,
Ag cuimhniu' uirthi-se mo chúlfhionn ómra,
A gruag mar na rósaí 'sa béal tá binn.
Tigheacht an Domhnaigh do bhím go ro-dheas,
Mar shúil 's go sheolfadh Dia in mo bhealach í,
A's arís tráthnóna do bhím go brónach
Ag cuimhniú' ar chomhrádh mo chailín chaoin.Dá mbá liomsa féin í bhéarfainn aer di,
Gach lá aonaigh 'gus margaidh
Síodaí tréanach 's gach nídh dá réir sin
'Gus í bheith mar céile agam i gcaitheamh an t-saoghail.
Bhuailfinn prionndaí go deas i dtuambaí
'Gus dhéanfainn sgonnsaí is claidhthe fóid
Is tuaithe an phrionsa dá mba liomsa é
Is leat a roinnfinn é mo mhíle stór.Bean is fiche bhí sgathamh i ngrádh liom,
Is i lán na sráide acu ní chuirfinn suim
Nó go dtáinic an mhaighdean ba chiuine gáire
Is tríd an fháinne do chuirfeá a com(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Dheirig
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Ceapaigh na Creiche, Co. Mayo