Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 09_003
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh Pádhraich básuighthe thug tú t-éitheach a deir sé níl acht tá Máire básuighthe. Bhí siad ag cur in aghaidh a chéile agus shochruigh siad faoí dheire a gabhail go dtí a dteach. D'imthigh leo agus is gearr go bhfaca Máire agus Pádhraich iad a teacht. Ó luigh siar go beó a dhiabhail adeir Pádhraich le Máire. Luigh an bheirt siar agus is gearr go dtáinic an bheirt isteach. Ó manam deir siad go bhfuil an bheirt básuighthe. Tiubhrfain céad punt anois deir an "Rí" dá mbeadh fhios agam cé aca den bheirt ba thúisge a fuair bás. Ó is mise an chéad duine fuair bás deir Pádhraich, thug tú t'éitheach deir Máire is mise an chéad duine a fuair bás. Bhí náire ar an beirt faoí a léithid de chleas a imirt ortha agus thug siad to leór airgid dhóibh acht gan é a innseacht do aon nduine go deó faoí an gcleas a d'imir an bheirt ortha.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe