Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an ám fadó bhí fear ann dar ainm Seán. Ní raibh sa teach ach é fhéin is a mháthair. Bhíodar an bhocht ar fad ní, raibh aca ach bó is bulán. Chuaidh sé ar an aonach leis an mbulán agus chinn sé air a dhíol agus mar sin thug leis abhaile é. Chuaidh sé ag an Aifreann an lá na dhiaidh sin. Sé lá Nodlac abhí ann thar aon lá sa domhan. Nuair a tháinic Seán ó'n Airfeann dfhiafruigh a mháthair dhé cen seanmóir a bhí ag an sagart indiu. Dubhairt Seán go dubhairt sé an té a thiubhradh a bheag nó mhór don sagart go mbeadh sé seacht n-uaire níos fearr an Nodlaic a bhí chugat. Well arsa an bean tá sáthac bocht mar atá muid, ach tiubhridh muid rud éigin dhó. Bhí go mhaith agus ní raibh go h-olc. Dubhairt an mháthair le Seán an bulán a tabhairt dhó. Chuaidh Seán agus thug sé dhó é. Bhí an sagairt riméadach agus dubhairt sé leis go raibh míle maith aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairbre Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 21