Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúr fathach a bhí fadó ann, triúr dearbhrátar a bhí ionnta, agus an rioghacht a rabhadar na gcomhnáidhe ann, ní'l aon áit ar feadh a rioghacht nach gcloistidhe glaodh ó chuile fathach aca chuile tráthnóna. Bhí lá annsin agus casadh Éirreanach ag an teach ann, agus nuair a tháinic an fathach mór isteach, "fú fá féasóg adeir sé, fáim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh annseo. Ní'l a fhios agam adeir sé, cé is feárr thú a chur le ingní mo chos sa talamh nó le séideóig san aer. Ní le cóir na ceart a thabhairt duit a tháinic mise annseo a dubhairt an t-Éireannach ach le chuile chóir agus ceart a bhaint díot. Well adeir an fathach, cé aca is feárr leat carraidheacht ar leacracha glasa na gabhail go sceana géara i mbarr easnacha a chéile. Is feárr liom adeir an t-Éireannach carraidheacht ar leacracha glasa mar isé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Stiophán Mac Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe