Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tháinig an fear beag suas arís leis. Beannuigh an fear beag dó in a ainm 'sa sloinne. "An tusa", dubhairt Domhnall "a thug an buidéal cheana dom?". "Is mé", dubhairt an fear beag. "Ní dóch go mbeadh buidéal agat" adubhairt Domhnall. "Tá mhuise, buidéal eile agam, adubhairt a' fear beag. "Abair leis an mbuidéal san mar adúbhairt tú leis an gcead ceann" ar sé. Tháinig Domhnall abhaile agus áthas air. Nuair a tháinig sé abhaile d'fiafruig Peig de an raibh aon buidéal eile aige agus dúbhairt sé go raibh. Is gearr a bhí Peig a fhágáil bairlinn do agus dá leathrugadh amach. Chuir Domhnall an buidéal 'na sheasamh istigh sa mbairlinn. "Déin do dhúithar, a bhuidéal anois" adubhairt Domhnall. Seo amach ceathrar fear as a mbuidéal, annsan, agus maide ag gach duine aca. Cromadar bheith a ghabháil ar Pheig is ar Domhnall, ar fuaid an tighe go rabhadar leith-beo, leath-marbh aca. D'araing an tighearna talmhan go raibh an tarna buidéal eile ag Domhnall. Chuir sé fios ar Domhnall 'is ar a mbuidéal.
Ní dheaghaidh Domhnall cuige nó go bhfuair sé daoine uisle ar suipéar ag an tigh aige. Chuaidh Domhnall annsan agus thug sé an buidéal leis go dtí an teich chuige. Nuair a chuaidh Domhnall isteach sa teich, cuireadh fios air chun dul isteach sa pharlús go dtí sna h-uaisle. D'fhiafruigh an tighearna dhe ar thug sé an buidéal leis. "Tagas" adubhairt Domhnall. "Leag ar an mbord é", adubhairt an tighearna "go bhfeicfeamaoidh é". Nuair a bhí an buidéal ar an mbord dubhairt Domhnall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Dé Róiste
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir