Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Progaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeóirann fadó, bhí trí bliana riariste air. Cailleadh cuid mór dá chuid stuice. Bíodh sé a' dhíol ceann anois agus arís ach bhí sé a dhíol nó go raibh sé i gcruth aon bhó amháin sa deireadh. Peig a bhí ar a bhean. "Cad a dhéanfaimid anois, a Pheig" adúbhairt sé "nuair nach bhfuil againn ach aon bhó amháin". "Cad a dheanfá?" adubhairt Peig "ach i a dhíol agus sé an t-seift deidheamhnach i dhíol".
    Ba é arudh an bhó so peata agus 'sé an ainmn a bhí uirthe ná "Prógaí". "Tá drom mo thop-cot scaoilte" adubhairt Domhnall agus faigh snáthadh is snáth is cuir greim ann. An uair a bhí sé ag imteacht go dtí an aonach annsan ar maidin agus é seoladh na bó amach an t-sráid, tháinig a bhean amach agus dubhairt sí "Mo ghrádh thú a Phrógaí bhocht, 'sé an feall tú dhíol". D'imtigh sé a' thriall ar an aonach annsan. Sul a ndeaghaidh sé go dtí an aonach, casadh teach tighearna talmhan leis go mbítí ag bailiughadh ciosa ann agus bhí sé ar láir le bliadhanta agus feár bhréagh fada a fhás ar áit a tighe. Bhí geata iarainn teas-amuigh dhe. Nuair chuaidh sé chomh fada leis d'oscail sé é agus scaoil sé an bhó isteach leithí greim ithe. Shuidh sé síos ar áit a tighe. "Is cruaigh gá fuil a tríomadh cuid d'en airgead againn a bailigheadh annsa teích seo bliadhanta ó shoin" adúbhairt sé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Dé Róiste
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir