Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 505

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 505

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 505
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann uair amháin agus bhí sé dul ar sgoil. Bhí ubhallgort in-aice an bhóthair agus chuaidh sé anairde ar an gclaidhe ag stathadh na n-ubhall bhfiadhain. Tháinig duine uasal i gcarráiste sos an bhóthar agus ar sé leis an mbuachaill "Táir ag stathadh na n-ubhall bhfiadhain." "Ó níl siad fiadhain táid go léir ag fanacht liom."
    Dubhairt an duine uasal leis teacht anuas chuige agus thug sé sgilling dó. Dubhairt an duine uasal leis an mbuachaill an chéad uair eile a chífeadh sé é go dtuibhradh sé sgilling eile dhó. Do rith an buachaill treasna na páirceanna agus bhí sé 'na luighe ar an mbóthar roimh an duine uasal arís. Do ghlaoidh an buachaill air agus ar seisean, "Níor choimeád tú d'fhocail liom. Dubhrais an céad uair eile a chífeadh tú mise go dtuibhrfá airgead dom." "An mbeidh tú ar sgoil imbáireach" arsan duine uasal. "Béad" arsan buachaill.
    D'imthigh an duine uasal abhaile agus an buachaill cómh maith. An lá in-a dhiaidh sin bhí an duine uasal ag teata na sgoile ag cainnt leis an maighistear. An mhaidean san bhí an buachaill an-dhéanach agus dubhairt an maighistear leis, "Cad a choimeád go déanach thú a Thomáisín." "Ní raibh aon leigheas agam air a mhaighistir. Bhíos ag taidhreamh aréir go rabhas in-Ifreann." "Ó go saoraidh Dia sinn" arsan maighistear. "An raibh a lán daoine ann?" "Bhí" arsa Thomáisín. "An raibh gárdaí ann?" "Bhí," "An raibh maighistir ann?" "Bhí." An raibh mise ann" arsan maighistir. "Ní raibh" arsa Thomáisín "acht tá do thrúnca réidh aon nóimeant."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic an Éide
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac an Éide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    Cill Chleitheáin, Co. an Chláir