Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 382
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)382
Chuige sin chuadar isteach i roilig i dtreó is ná bhfeichfeadh éinne iad agus thosnuigheadar ar na cnó do chómaireamh ."Tóg -se an ceann seo agus tógfaidh mise an ceann sin",sin a bhi ar suibail ag duine acha le linn do an margaidh a bheith dhá dhéanamh.
Um an dtaca seo bhí beirt fear eile ag gabháil thart .Chloiseadaar an cainnt taobh istig de'n roilig .Stadadar agus d'fhéisteadar leis an abairt abhí dhá ráh ag an bheirt gaduidhe .Dubhradar leo féin gurb iad Dia agus an diabhail a bhí ag roinnt na n-anmann istigh san roilig.
Nuair a bhí an beirt gaduidhe ag dul isteach san roilig chailleaddar dhéa cno taobh amuigh de'n bfalla mar a bhi an beirt feaar eile ;na seasamh,agus anois ó bhí an cuid eile des na cnó roinnte eatortha dubhairt duine acu,"tá dha ceann eile amuigh ar an mbothair ,tóg-sa cean aca agus tógfaidh mise an ceann eile".Nuair d'airig an beirt a bhí ar an mbóthair na foclaibh seo do critheadar le h-eagla mar 'sé a cheapadar adubhairt na gaduidhthe na go raibh beirt duine eile amuigh agus go rabhadar chun iad do bhreith leó-cean ag Dia agus an cean eile ag an diabhal mar cheapadar a raibh ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máiréad Ní Luanaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Móin Fhríle Theas, Co. an Chláir