Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)363
in a chosa go dtí go dtánaig sé don roilig.Cúardaigh sé imeasg na n-uaigibh agus sa deire fuair Séamhus Fada a athair agus é gortuighthe .
Tugadh abhaile é ach níor thánaig a chiall tar- nais dó.Aon lá amháin chúaidh sé amú ón a thig féin agus nior thánaig sé ar -ais arís. D'imtig trí bliadhna ach ní fúair a mhuinntir tásg ná tuairisg do Sheáin.Trathnóna Bealtaine trí blíadhna ón lá a chuaidh Seán fada amú ar dtúis bhí a mhach ag siúbhal ar brúach srúthán agus chionnaic sé bean beag bídeach ag teacht in a treó.
Labhair sí leis agus'sé dubhairt sí ná:-"A Sheamuis Fada téir ag toruidheacht ar do athair ar maidin amárach.Ta a cúig bliadhna de phíonós thart anois tar-éis na gníomh fealltach domh clainn i dtaobh an sgeach-geal do gearradh.Annsan cánn sí bhearsa do cun eolas an slíghe a thabhairt dó.Thosnuig sé a thaistil agus san deire fúair sé a athair.Tugadh abhaile é agus geallaim-se dhuit nár chuir Seán Fada isteach ar na "daoine maithe" go dtí deire a shaoghal.